Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí rí i n-Albain agus thagadh go leór daoiní uaisle ar cuairt chuige agus ní'l aon uair dá mbíodh siad aige nach mbíodh dinnéar faoi na gcomhair aige. Agus mí-thráthamhail go leor thagadh giorrfhiadh ar an mbord agus chuireadh sé an biaidh trí n-a chéile. Ach an t-am seo dubhairt an rí leis an ngiolla a bhí aige an giorrfhiadh do leanacht leis an each bán in a dhiaidh le luas (cor) cos, agus stad ná stopadh ní dheárna sé nó go dtáinig sé suas leis an ngiorrfhiadh ag béal geata san Domhan Thiar. Rug sé air agus bhuail sé a chloigeann faoi'n mballa agus tháinig sé ar ais leis go dtí an rí, go h-Albain.
Bhí an-ríméad ar an rí faoi an ghiorrfhiadh a ghabháil.
Nuair a shroich an giolla an Domhan Thiar casadh bean áluinn air agus bhain sé trí dhlaoi as a cuid gruaige agus thug sé leis go h-Albain iad. Aon lá amháin chuaidh an giolla amach ins an stábla agus do las lé an ghruaig. Chonnaic an rí é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padhraic Ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe