Scoil: An Clochar, Uarán Mór

Suíomh:
Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Ghreallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0502

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0502

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Uarán Mór
  2. XML Leathanach 0502
  3. XML “Scéal - An Gobán Saor”
  4. XML “Tobar Chnoc na Roise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a tháinig siad arais ón dinnéar bhí cat 's dá ruball gearrtha amach ar an gcloic aige. Rinne siad ionganthas dó. Thóg siad an chloch agus leag siad ar thaoibh balla an Chaisleáin é agus tá sé le feirscint ann ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó nuair a bhí Naomh Pádraig ag craobhsgaoileadh an creidimh thóg sé a lán teampaill agus Seipéil ar fud na tíre. Thóg sé ceann acu i gCnoc na Roise. An áit i n-a raibh Naomh Pádraig ag guidhe tá carraig mhór ann. Tá comhartha a dhá ghlúin agus a cheann ann ó shoin. Tá leac i n-aice leis agus cuma báisín air. Bíonn uisge salach 'sa mbáisín sin i gcomhnuidhe. Sin an áit a nigheadh Naomhm Pádraig a lámha agus níor tiormuigheadh an t-uisge ann riamh ó shoin.
    Tagann daoine ann an chéad Luain de gach mí ar feadh trí míosa agus fágann siad airgead nó rud éigin ar an leic i n-a ndiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge