Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 238
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí seanduine ann aon uair amhain agus phos sé cailín óg. Bhí an bheirt na luige ins an leabaidh amhain. Nuair a mhusglocadh an fear i lár na h-oidhche bhí sí ar shiubhal.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sí annsin go rabh sí gabhail a dheanamh a tiomna agus rinne sí é. Bhí an seanduine 'na shuide ins an fhuinneóig ag éisteacht léithe. Bhí tobar thall os cionne na fuinnneóige. Chuaidh sí anonn agus chaith sí cloch mhór isteach ann.
Chualaidh an fear a bhí na shuidhe ins an fhuinneóig an callan. Shíl sé gur thuit sí isteach ins an tobhar agus rith sé amach. Sheasuigh sise ag taobh an dorais agus nuair a chuaidh an seanduine amach leim sise isteach agus chuir sí an bolt as an doras.
D'iarr sé uirthi e a leigint isteach, agus dubhairt sise, " Cead agat a ghabhail agus fanacht an áit a rabh tú an chuid eile d'en oidhche."
Bhí gnas aca ins am. Duine ar bith a gheobhfaí amuigh indiaid an h-oidhche cuirfidhe suas ar philear mhór é agus thiocfadh le achan nduine rud ar bith a rabh dúil aca a chaitheamh air.
Chualaidh siad an seanduine ag sgartaigh agus fuair siad greim air agus chuir siad suas ar philear mhor é. Chruinnigh an baile agus thoisigh achan nduine a chaitheamh air go dtí gur thuit sé anuas marbh.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Miceal O Comhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Dhún na nGall