Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 212
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí baintreabhach ann am amhain darbh ainm di Eilis ags bhí mac aicí darbh ainm dó Pádraig. Bhí bean déirce ag gabhail thart ins an am agus bheirfeadh sí ruaig ar theach Eilis go minic, agus bhí sí tuirseach leithe ins an deireadh.”
Bhí baintreach ann am amhain darbh' ainm di Eilis agus bhí mac aicí darbh ainm dó Pádraig. Bhi bean déirche ag gabhail thart ins an am agus bheirfeadh sí ruaig ar theach Eilis go minic, agus bhí sí tuirsach leithe ins an deireadh.
Lá amhain chonnaic Pádraig í ag tarraingt ortha, agus arsa seisean le n-a mhathair
"Sud Meabha anois agus an bhfuil fhios agat caidé a dheanfas tusa. Tá, go síos un a t-seomra i bhfolach agus deurfaidh mise go bhfuair tú bás."
"Maith go leor", arsa a mhathair.
Ní rabh i bhfad go dtainig Meabha 'un a dorais, agus arsa sise.
" Dia sa teach".
Ní thug Pádraig freagra ar bith uirthí acht é ag caoineadh go truagcanta mar b'fíor do fhéin é.
Chuir sí a ceann isteach ar an doras, agus arsa sise
" A Phádraig a chroidhe caidé atá ort"?
"O tá, a Mhéabha, mo shaith de bhuaidhreadh orm, go isteach go n-innseochaidh[?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Aoidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall