Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean ann am amháin agus bhí bhí beirt nigheanach aicí. An oidhche fuair a n-athair bás goideadh mála airgid ortha agus bhí siad iontach bocht o sin amach.

    Sgéal
    Bhí bean ann am amháin agus bhí bhí beirt nigheanach aicí. An oidhche fuair a n-athair bás goideadh mála airgid ortha agus bhí siad iontach bocht o sin amach. Lá amháin smaointigh an nighean a ba sinne go rabh an t-am aicí imtheacht agus rud éiginteacht a shaothrughadh.
    Rinne sí réidh fa choinne imtheacht agus chuir a máthair ceist uirthí cé aca b'fhéarr léithe tuirtín mór sa mallacht, no tuirtín beag beag sa beannacht, agus dubhairt sí gur b'fhéarr léithe tuirtín mór sa mallacht. Thug sí dúithe tuirtín mór agus bhí sí ag mallachtaí uirthí go dtí go deachaidh sí amach as a h-amharc.
    D'imthigh sí léithe go dteachaidh sí fhad leis an chead teach a casadh díthe. Chuaidh sí isteach ann agus d'iarr sí fastach agus thug siad fastach díthe. Lá thar na bhárach bhí bean an toighe ag imtheacht agus d'iarr sí uirthí achan rud a déanamh go maith acht ar a bhfachaidh sí ariamh gan amharc sa tseimleóir.
    Nuair a bhí achan rud déanta ag an chailín smaoitigh sí go n-amharcfadh sí suas go bhfeiceadh sí caidé bhí suas ins an tseimleóir. D'amharc sí suas, agus chonnaic sí mala airgid. Tharraing sí anuas an mála agus bhí sean chaileach istigh ins an teach agus rinne sí fead ar an bhean a bhí ar shiubhal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Sidhbheail
    Inscne
    Baineann
    Aois
    44
    Seoladh
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall