Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 201
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí an fear na fhiodar. Nuair a thainig lá baint na monadh chruinnigh sé sgaifte fear agus nuair a tháinig d'imtig siad d'iarr sé ar an bhean dinnear a bheith réidh aici nuair a thiocfadh siad i n-am dinneara.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sí gur bhris sí é agus gur smaointigh sí na rabh duine ar bith le é a innse uirthí ach an gamhain a bhí sa choirneal agus go dtug sí léithe an gabhain agus gur mharbuigh sí é.
Annsin dubhairt sé léithe go n-imeochadh sé go dtí an oidhche agus nach bhfuigeadfh sé bean go h-amaideach léithe. D'imtigh sé leis agus ní rabh sé i bfad shiubhal gur casadh dha bhean air agus iad ag iarraidh bó a chur suas ar an féar a ithe, agus dubhairt sé leobhtha gur fearr dobhtha corán a thabhairt leobhtha agus an féar a ghearradh, agus dubhairt sé leobhtha go mbíodh sé ar shiubhal go dtí an oidhche go bhfuigeadh sé dá bhean go h-amaidheach leobhtha,. D'imtigh sé agus ní rabh sé i bhfad i siubhal go casadh dha bhean agus iad ag iarraidh an teach a thiompadh thart sa dóigh na mbéadh an gaoth sa doras agus dubhairt sé leo an doras a rabh an ghaoth ann é a dhruid agus an ceann na rabh é a fhosgladh agus nuair a thainig sé 'na bhaile dubhairt sé le na mhnaoi gur iomdha bean a bhí go h-amaideach léithe.- Bailitheoir
- Seosamh Ó Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Annraí Ó Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall