Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seachtmhain na ndiaidh seo tháinig an tríomhadh fear isteach agus dubhairt sé ag imtheacht a chuartugadh a dhá dhearbhrathair no na rabh fhios aige cha deachaidh siad no na sgríobh siad leitir ar bith ó dimthigh siad. Diarr sé ar a mhathair dhá bhonnóg aráin a dhéanamh. Rinne sí iad agus nuair a bhí siad déanta chuir sí ceist air.
“Ciacú a bfearr leis an bhonnóg mór agus a mallacht no an bhonnóg bheag agus a beannach. Dubhairt sé gur bhfhearr leis an bhonóg bheag agus a beannacht agus dimthigh leis go dtí go dtáinig sé chomh fada leis an chúirt cheadna” Nuair a bhí sé istigh tamall chuaidh sé isteach i seomra agus fuair sé sgian a bhí ag an leomhan fá choinne na daoiní a thiocfadh annsin a mharbadh.
Chuaidh sé a luighe agus nuair a bhí sé na luighe tamall tháinig an leomhan isteach agus dubhairt.
“Goidé a thug thusa annseo na mharbuigh mé do dhá dhearbhrathair agus marbfaidh mé thusa fósta” Thoisigh an bheirt a throid agus mharbuigh sé an leomhan agus bhain sé an ceann dó.
Chuaidh sé isteach i seomra eile agus bhí léar mór cinn daoiní annsin. Thug sé leis na cinn agus chuir sé síos i bpoll iad. Annsin dfosgail sé doras eile agus bhí an seomra sin lán óir. Fuair seisean an chúirt dó fhéin annsin, thug sé leis a mhathair agus bhí siad na gcomhnuidhe annsin go bhfuair siad bás.(an t ughdar ceadna: an sgeal seo agus an ceann roimhe)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhagain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maigreadh Bean Mhic Ghaoith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall