Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar Bhárr Chnoc na Naomh
Ar bharr Chnoc na Naomh, is an lá geal ag briseadh
Lochrann na maidne ag tógail a cinn
Thoir a bhfad shoir, ag imeall na spéarthaí
Ó, a Rí Mhór na glóire nach aoibhinn bheith ann
Nach aoibhinn bheith feachaint ar dhorchadas na h-oidhche
Ag fágail an bhealaigh ag solus an lae
Na cladaigh, na gleanntaí, na locha ‘s na sléibhte An spéar is an fharraige ag athrú a ngné
2
Nach aoibhinn bheith ag éisteacht le glór binn na n-éanach
Ar bharr achan árdan ag cantain ‘s ceól.
Éist leo nó sin a gcuid ofrail na mande
Silím go gcluinim a n-amhrán go fóill
Ar bhárr Chnoc na Naomh ‘s an fraoch gorm do leabaidh
Ag breathnú ‘s ag féachaint ar aoibhneas an domhain
Smaointeacha iongantacha ag líonadh d’intinn
Smaointeacha deasa ag dathú do mhéoin
3
Thíos uait tá’n loch bheag is áilne ‘s is deise
I gcliabhán na sléibhte go suaimhneach na luighe
Cluineann tú siosgarnaigh na gaoithe fríd an choiscrigh
Is glugarnach an uisce ar na clocha tá faoi
Tá na h-uain bheaga bhána go truaghcanta méidhligh
Tá na maithreacha ag imtheacht ag seifte dóibh fhéin
Tá na h-uain da leanamhaint go bradach na ndiaidh sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Ó Broin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Broin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall