Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Bailte na hÁite seo - Dún Lúiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad
    (1) Dún a Lúithche
    (2)Muine Mor
    (3)Muine Beag
    (4) Gleann Tóir nFinn
    (5)Mín na ngall
    (6)Mín na bpoll
    (7)Mín na cuinge
    (8)Mín na craoibhe
    Dún a Lúithche
    bheirtear Dún a lúithche ar an cheanntar seo uilig de bhríg go bfuil seacht mbaile eile i n-éinfheacht leis.
    bheirtear Dún Lughbhaidh ar go minic, acht baineann muinntir na háite úsáid ar an ainm Dún a Lúithche,
    Deirtear go rabh dún annseo i n-aimsir na ndálach, agus gurabh é taoiseach dar b'ainm lughbhaigh a chur suas é.
    bféidir gurab é seo an bharamhail cheart acht ní aontuighim leis.
    Ins an chead dul amach: caithfidh duine dearcadh ar chanamhaint na ndaoiní. Saoilim gur seo crúthughagh láidir le ainmneacha áite mhíniughadh.
    Dubhairt mé cheana fhéin, gurab é Dún a Lúithche an focal i mbéal na ndaoiní.
    Sé mo bharmhail féin go dtainig an t-ainm seo uadh luaith no luachra; agus leis sin a dheimhniughadh tchídim go bhfuil páirc abhos faoin an dún a dtabarann na daoiní "páirc na luaithe" uirthi, go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)