Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “Gleann Nimhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gleann Nimhe
    Seo gleann iomráidteach agus ins an t-samhradh bíonn cuid mhór famairí ag cuartaidheacht fán ghleann seo. Tá sé ina luí eadar an Eargal ar thaobh amháin agus Sliabh Sneachta ar an taobh eile. Tá srúthan ag sileadh anuas fríd an ghleann seo, isteach go Loch Dhún a Lúithche.
    Saoilfeadh duine nar dheacair ughdar an ainme seo a shaorthughadh. Tá cupla dóigh air ach níl cinnteacht ar bith leo.
    Ba cheart go raibh saighdiuirí dearga na Sasana gnoitheach sa pháirt seo don tír am amháin, agus ní raibh cuid fear na hÉireann na gcodladh ach oiread.
    Deirtear go raibh na saighdiuirí dearga abhos ar an ísleacht agus thuas ar an cnoc bhí na ropairí.
    Ba cheart gur cuir cosantoirí na hÉireann nimh ins an uisge, gur ól na Sasanaigh é agus gur chur sin deireadh leo.
    Trachtann cuntas eile ar eascon nimhe ba cheart a bheith san áit agus a reub creag le na ruball.
    Dubhras fosta gur balor agus a shúil neimhe a b'ughdar leis an ainm seo a tabhairt don ghleann seo.
    Níl taitneamh ar bith agam ar an mhíniughadh seo, nó tchíthear damh nach bhfuil siad croicneach, ach mar sin féin ní bréag damh-sa iad. Cualaidh mé thall agus abhos na baramhlacha seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)