Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann aon uair amháin a dtugadh siad Nóra Caoch uirthí. Níor mhaith leithe duine í a fheicailt ag ithe rud ar bith. Lá amháin chuaidh sí isteach i dteach in a rabh fir ag baint mónadh. Chuaidh sí amach i gcúl claidhe agus chuir bean a toighe gasúr beag amach le gogan bruithín chuicí. D'iarr sí ar an ghasúr amharc ar an taobh seo agus ar an taobh seo an dtiocfadh leis duine ar bith a fheicailt acht ní rabh duine le feiceail. Annsin thosuigh sí ar an bhruithín agus nuair a bhí sí críochnuighthe d'éirigh an gasúr mór as cúl claidhe agus arsa seisean "bhí go suaghach a Nóra" bhris sí an gagan ar charraic nuair a mhothaigh sí go rabh an gasúr mór ag amharc uirthi ag ithe.
    Do chraicean do'n diabhal a ghasúr mhór caidé thug annseo thú?
    Séamus Ó Gallchobhair,
    Árd Donn,
    Na Gleanntaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall