Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “An Bacach”
  4. XML “An Bhean Fhalsa”
  5. XML “An Bhean Thinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bacach ann aon uair amháin agus d'éirigh sé tuirseach ag siubhail. Cheannuigh na comharsannaigh asal do agus chuir siad na shuidhe ar an asal é. D'fhiafruigh siad do caidé an bealach a rabh sé ag gábháil. Agus dubhairt sé "tabhair cead a cinn do tá gnaithe agam i nachan áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear amuigh ag obair agus tháinig sé isteach fliuch báithte. Chonaic sé a bhean na suidhe ag an teine agus ní rabh an dinnéar réidh aicí. D'fhiafruigh sé díthe an rabh an dinnéar réidh agus dubhairt sí nach rabh. Acht arsa sise tusa atá fliuch amach agus tabhair isteach canna uisge agus déanfaidh mé réidh é annsin. Chuaidh sé amach agus tháinig sé leis an uisge, chaith sé an t-uisge ar a bhean agus dubhairt sé "tusa atá fliuch ? go amach agus tabhair isteach canna uisge."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Maidin amháin leig bean uirthí le na fear go rabh sí tinn. D'éirigh seisean agus chuir sé síos an teine agus d'imthigh sé amach ag obair. I gcionn tamaill tháinig sé isteach agus chonnaic sé a bhean na suidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Droim na Saileach, Co. Dhún na nGall