Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ma thoisgheann sé ag cur agus ma théigheann na cearca ar foscadh sin comhartha go ndéanfaidh sé tuireadh gan mhoill.
    Nuair atá siad ag piocadh a gcuid cluimhrigh sin comhartha fearthinn.
    Nuair a bhíónn na lácháin ag buaileadh a gcuid eiteog sin cómhartha gaoithe móire.
    Nuair a théigheann an cor abhna suas an abhainn sin cómhartha aimsire maithe, acht ma theígheann sí síos an abhainn sin cómhartha fearthinne.
    Nuair a thigeann na cearca fraoich anuas ó na cnuic sin cómhartha stóirme.
    Ma ghníónn an chearc uisge a nead síos comhgargach don talamh sin cómhartha aimsire maithe acht nuair a ghníonn sí a nead suas go h-árd sin cómhartha tuillteach.
    Nuair a bhíonn an dreolán ag gabháil ceoil luath ar maidin sin cómhartha go mbíodh sé ag cur roimh an oidhche.
    Nuair atá na h-ainleógaí ag éitealladh go h-íseal sin cómhartha droch-aimsire, acht nuair atá siad ag éiteallaigh go h-árd sin cómhartha aimsire maithe.
    Nuair atá an meanann oidhche le cluinstin san oidhche sin cómhartha aimsire maithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge