Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullanmore
- XML Leathanach 222
- XML “An Bhean Thinn”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an teine agus cupan tae agus plata aráin agus í ag ithe go láidir. Agus dubhairt sé "Má tá mo bhean tinn níor chaill sí a goile."Áine Ní Bheirne
Druim na Saileach
Na Gleanntaí - Bhí fear i nGleann Cholmcille uair amháin agus bhí sé ar aonach Charraige.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé bean ar an ród roimhe.
Fuair sé suas leis an bhean.
Bhí mála trim léithe. Dubhairt sí leis an fhear go mbeadh sí buidheach dó dá n-iomcharochadh sé an mála dithe. Thug sé an mála leis go dtí bun an chabhsa a bheirfeadh abhaile dó.
Thug sé an mála díthe annsin agus thug sí dhá phíósa airgid dó.
Chuir sé an dá phíosa in a phoca agus chuaidh sé abhaile, dhá phíosa leath-choróin a bhí ionnta.
Chuaidh sé na tsiopa la thar na mhárach fá choinne earraidhe agus thug sé an t-airgead leis. Dhíol sé ar shon a chuid earraidhe agus chuaidh sé abhaile. Nuair a d'amharc sé in a phoca lá thar na mhárach bhí na cúig sgillinghe aige. Chuir sé amach aríst iad agus bhí siad in a phóca aríst. Is cuma comh minic agus chaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Nic Dhiarmada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Corr na nGriollach, Co. Dhún na nGall