Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gasúr beag ar an bhaile seo am amháin. Rinne sé suas a intinn go n-imtheochadh sé go Tír Eoghain, mar ndúil go bhfuigheadh sé fasta a dhéanamh le feirmeoir ar feadh an tséisiúir.
D'imthigh sé tráthnóna amháin i nganfhios do na mhathair agus do na athair. Nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do an Bhrocaigh bhí sé ag éirghe mall go maith san tráthnóna. Casadh cailín ruadh air agus bascáid mhór geal léithe. D'fhiosruigh sí do cá rabh sé ag gabhail, agus dubhairt sé go rabh sé ag tarraingt ar an tSrath-Bhán. Agus dubhairt sise go rabh lúthghair uirthí an cuideachta a bheith léithe. Shiubhail siad leo giota fada agus sa deireadh d'iarr sí ar an ghasúr an bhascáid a iomchur giota díthe go rabh sí ag éirghe tursach leis. Nuair a thainig siad go Bealach Féidhe d'iarr sí ar an ghasúr dul isteach go teach biotailte go bhfuigheadh siad rud eiginnteacht le h-ól. Fuair sise dhá leath-cheann uisge beatha. Ní rabh ag an ghasúr acht sgilling amháin agus thoisigh sé ag smaointeadh dá sgairtfeadh seisean ar dhá leath cheann eile nach mbeadh fágtha aige acht dhá phínginn. Acht cia bith, smaointigh sé nach mbeadh sé na bhacadh agus fuair sé dhá dheoch eile. Nuair a bhí sin ólta aca dubhairt an cailín ruadh go rabh sí ag gabhail amach go dtí teach eile, agus nach mbeadh sí bomaite go mbeadh sí arais. Acht dá bhfannochadh an gasúr i dteach na biotailte ó shoin ní thiocfadh an cailín arais. Sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Bhaoighil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall