Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Scéal - Catalónach na gCat”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear amuigh go mall oidhche amháin. Bhíodh cipín dróighin leis i gcomhnaidhe. Tháinig sluagh na gcat air agus thoisigh siad dá strócadh. Thoisigh an fear dá marbhadh agus char stad sé gur mharbh sé Rí na gCat. Nuair a bhí Rí na gCat ag fághail bháis dubhairt sé leis an fhear "nuair a rcahas tú abhaile, innis do ghliodaidhe na luaithrighe gur mharbh tú Rí na gCat." Sin an t-ainm a bhí ar an chat bheag a bhí sa bhaile na dhiaidh.
    Nuair a chuaidh an fear na bhaile bhí a bhean agus a chlann ag fanacht leis. D'innis sé go dtáinig sluagh na gcat air agus gur mharbh seisean an t-iomlán aca. Bhí gliodaidhe na luaithrighe na shuidhe le taobh na teineadh agus nuair a chualaidh sé gur márbhadh Rí na gCat fuair sé greim muineail ar an fhear agus níor léig sé amach an greim gur mharbh sé an fear.
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Mullan Mór
    Na Gleanntaí
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT0113A: King of the Cats is Dead
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brígid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall