Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí am amháin sa t-sean am. Tháinig Donnan go Toigh Uí Bhaoghaill ar a crannadh buidhe. Chaith szé seacht mbliana ann. Ní rabh sé ag déanamh dadaí ann acht ag bogadaigh thart agus a déanamh cipíní beaga cuid den am agus ag cur bárr ortha mar bheadh cliadheamhtacha ann. Bhí am amháin agus tháinig bunadh an Lagain agus níór fhág beathach eallaigh gearan na capall i bParóiste na nGealltach na Árd a' Rátha nach dtig siad leobhtha. D'imthigh siad leobhtha agus a gcuid creach uilig leobhtha. Agus arsa Aodh Ó Baoghaill leis an Donnan "Tá tú annseo anois le seacht mbliana agus mar ndean tú rud eiginnteacht indiu ní bhéidh tú annseo níos fuide."
"Caidé mar thug liomsa dadaidh a dheanamh agus gan snáithe éadaigh orm arsa an Donnan. "Tá sé ro mhall anois" arsa Aodh Ó Baoghaill 'le eadaigh duit"
"Fá thusa an t-eadach agus ní bhéidh mise i bhfad a faghail deanta" arsa an Donnan. Fuair Aodh Ó Baoghaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall