Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 160
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach gcodlóchadh sí. Níor bhlas sí na milseáin agus cá dtáinig néal chodlata oirthi ach oiread. Ach go mall san oidhche d’imthigh an ‘bloc’ amach ar an doras agus lean sí é. Tharraing sé ar chreig agus lean sise é. D’fhoscail doras rompa agus isteach leobhtha i dteach a bhí ann. Bhí cailín sa teach agus bhuail duine aca buille ar an “bloc” agus rinne gasúr de. D’iarr siad ar chailín cuid de na milseáin agus na cná a thabhairt daobhtha agus go dtabhairfeadh siad slat dhraoidheachta díthe. Thug agus fuair sí an t-slat draoidheachta. Ar a mbealach abhaile bhuail sí buille ar an ghasúr agus rinne “bloc” arais de.
    Nuair a mhuscail an t-sean chailleach ar maidin, “Níor chodluigh tusa aréir”, arsa sise leis an chailín. Nuair a fuair an cailín shíos ag an doras í bhuail sí buille dein t-slat draoidheachta oirthi agus rinne cloch dí. Chuaidh sí amach agus bhuail buille ar an dhá chloich ghlais agus thionntuigh in a gcailiní iad. Ba iad seo a cuid deirbhsiuracha fhéin. Bhuail sí buille ar an “bloc” agus rinne buachaill de agus i ndeireadh ama phós sé i féin. Bhí seomra lán d’ór ag an t-sean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Giolla Chearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Dhún na nGall