Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 159](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1047%2FCBES_1047_159.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 159
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 159
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sí cuid de’n arán. Dubhairt sí go rannfadh agus fáilte. Chuir an fheannóg carrach a ghob isteach sa tobar agus chuir an mhil ar uachtar agus an fhuil ar íochtar agus d’iarr oithhí cuid de’n mhil a ithe, agus anois, arsa’n fheannóg léithe, “rachaidh tusa go dtí’n teach céadna a dteachaidh an bunadh eile agus na h-ith aon cheann de na milseáin nó na cnoí a bhéarfas an t-sean chailleach dhuit. Rinne sí dhá chloich ghlasa de do beirt dheirbhsiúir fosda”.
D’imthigh sí agus shiubhal sí leithe go bhfaca sí an solus agus an teach chéadna a chonnaic an mhuinntir eile. Tharraing sí air agus chuaidh isteach ann. bhí an t-sean chailleach ‘na suidhe ag an teineidh agus d’fhiafruigh sí díthe cia rabh sí ag dul? Dubhairt an cailín go rabh sí ag iarraidh aimsire. “Maith mar tharla” arsa’n chailleach, “Tá cailín a dhith orm-sa. Níl morán le deánamh ach an ‘bloc’ seo a choimhead sa’n oidhche, feudann tú codladh san lá”.
Nuair a bhí an chailleach ag dul a luighe thug sí cnap milseáin agus cnoi don chailín agus d’iarr sí uirthi a bheith dá n-ithe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall