School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 221
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí fear ann aon uair amháin dar b'ainm Brian Ó Seasain agus bhí an dubh-urraidh ann. Fear siubhail do bhí ann.”
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí fear ann aon uair amháin dar b'ainm Brian Ó Seasain agus bhí an dubh-urradh ann. Fear siubhail do bhí ann. Chuaidh sé isteach i dteach i gCúl na Cruaiche uair amhain. Thara gur lá gaoithe móire a bhí ann. Bhí fear an toighe as baile agus ní rabh aon duine i mbun an toighe an lá seo ach a bhean. Bhí eagla oirthi roimh an ghaoith mhóir agus rud eile bhí eagla oirthí go mbrisfidhe a’s go reubfaidhe an bád a bhí ag fear an toighe thios ar an chladach.
“Má tú a leitheid sin ‘e eagla ort”, arsa Brian, “tabhair damh-sa rópa agus socróchaidh mé na gnoithe”.
Thug bean an toighe an rópa do Bhrian, d’imthigh sé leis agus níor bh’fada go rabh sé arais agus an bád leis ar a dhruim.
“Sin cugat anois é” arsa Brian, agus(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dún Allt, Co. Dhún na nGall