Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 161
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    chailligh agus rinne siad bainfheis a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur b'éigean dó imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.

    Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur bh’éigean do imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.
    Chuaidh a bhean isteach i mboitheach do bhí ag taoibh an tighe lá dá rabh seisean ar shiubhal. Bhí gamhain óg ceangaile sa bhoitheach agus rinne sé búirfeadhach. ‘Se an rud a thuig sí gurab é an rud a bhí an gamhain ag rádh go n-innseóchadh sé do’n fhear caidé bhí sí ag deánamh. Shíl sí go mbéadh sí náirighthe dá mbéadh fhios ag an fhear caidé bhí sí ag deánamh. “A Mháthair”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Seoladh
    Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall