Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 138
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an droichead.
    Nuair a bhain Dorbaigh an baile amach rinne sé bainfheis a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Nuair a bhí na dlighthe Peannaideacha ar siubhal sa tír bhí sagart ar a sheachnadh sa Ghleann seo agus bhí sé i bhfolach i dtoigh Andaigh Bhán.

    Nuair a bhí na “Dlighthe Peannaideacha” ar shiubhal sa tír bhí sagart ar a sheachnadh sa Ghleann seo agus bhí sé i bhfolach i dtoigh “Andaigh Nhán”.
    Lá amháin tháinig an tighearna talaimh agus dubhairt sé leis “muna mbéadh an sagart ar shiubhal ar maidin lá - thar - na - bharach go gcaithfeadh sé glanadh amach as an teach. “Bhal”, arsa’n fear leis an tighearna talaimh:
    Deán thusa do rogha rud, ní chuirfidh mise ruaig ar an t-sagart.
    Ar maidin lá - thar - na - bharach fuarthas an tighearna talaimh marbh ar a leabaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall