Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 137
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)h-aghaidh agus dá mbéadh an scian ar h-agaidh go dtí’n lá atá ann indiu ní thiocfadh an bhean chuici fhéin.
“Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh an iarraidh seo”, ar seisean agus thug sé leis baicle saighdiúir agus ghabh siad Dorbaigh. Caith siad isteach i mála é agus d’iomchar siad leobhtha é. Bhí an mála an-trom agus bhí an lá iongantach te agus chaith siad taobh amuigh de theach táibhirne é agus chuaidh siad fhéin isteach le na dtart a mhúcadh. Fhad a’s bhí siad istoigh cé thig thart ach “Fear Paca” agus toisigh Dorbaigh ag sgreadaigh istoigh sa mhála.
“Cad tuige a bhfuil tú a sgreadaigh?” ar seisean.
“Tá”, arsa Dorbaigh, “an rí a bhí ag iarraidh orm a inghean a phósadh agus ní mian liom-sa sin a dheánamh.
“Bhal”, arsa’n fear paca, “bheárfaidh mise an paca duit ma leigeann tú isteach sa mhála mé.
“Leig mise amach go gasta”, arsa Dorbaigh, agus nuair a tháinig sé amach, isteach leis an “fhear-paca” sa mhála agus as go bráthach le Dorbaigh agus an paca leis.
Nuair a tháinig an mhuinntir a bhí istoigh, amach chaith siad a’ mála in a rabh an “fear paca” ar a ndruim agus shiubhal leo go dtáinig siad fhad le droichead mór agus chaith siad an fear paca bocht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Nic g Ceannfhaele
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall