Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 199
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa bomaite sin bhuail an t-uaigneas é. Sa deireadh thainig an fhuireann agus is air a bhi an t-áthas. Mhionnuigh sé nach bhfanochadh sé leis féin i mbád go deo arís. Chuaidh sé a dh'amharc ar an allt lá thar na bhárach ach ní rabh aon dhath air ach oiread leis an chead lá. Nuair a chonnaic sé seo ní dhearn sé aon mhaith ní ba mhó.Síodh-ScealBhí buachaill ann fad ó shoin agus la amháín chuaidh sé a d'iasgaireacht le slat pholláin. Nuair a bhi sé tamaill ag iasgaireacht thainig uair[?] amháin isteach agus sciob sí amach é. Chuaidh an sceala amach annsin fo rabh sé báidhte.
An oidhche roimhe Oidhche Shamhna bhi a mháthair i n-a suidhe go brónach sa teach nuair a shiubhail a mac is-teach a bhí báidhte. D'innis sé duíthe nár báitheadh eisean ar chor ar bith, gurabé an rud a tugadh as é. Dubhairt sé má bhí dúil aice é a fhághail arais go mbéádh sé ag gabháíl thart annseo san oidhche i mbárach ar uair an dó dheag. "Iarr ar m'athair," arsa seisean "braon biotáilte a fhághail agus cupla fear a
chruinniughadh is iad seasamh ag taobh an t-srutháín atá ag gabhail síos le binn a'toighe. Bíodh timthire teallaigh ag m'athair ann a laimh," Nuair a mhothochas siad tormán ag teacht ná sgannraigheadh
siad. - Bhí buachaill ann fad ó shoin agus lá amháín chuaidh sé a d'iasgaireacht le slat pholláin. Nuair a bhi sé tamaill ag iasgaireacht thainig uair amháin isteach agus sciob sí amach é. Chuaidh an sceala amach annsin go rabh sé báidhte.
An oidhche roimhe Oidhche Shamhna bhi a mháthair i n-a suidhe go brónach sa teach nuair a shiubhail a mac is-teach a bhí báidhte. D'innis sé duíthe nár báitheadh eisean ar chor ar bith, gurabé an rud a tugadh as é. Dubhairt sé má bhí dúil aice é a fhághail arais go mbéádh sé ag gabháíl thart annseo san oidhche i mbárach ar uair an dó dheag. "Iarr ar m'athair," arsa seisean "braon biotáilte a fhághail agus cupla fear a
chruinniughadh is iad seasamh ag taobh an t-srutháín atá ag gabhail síos le binn a'toighe. Bíodh timthire teallaigh ag m'athair ann a laimh," Nuair a mhothochas siad tormán ag teacht ná sgannraigheadh
siad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Lochlainn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann