Scoil: Mín Teineadh Dé

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí buachaill béag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht.

    Bhí buachaill beag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht. An lá seo d'éirigh sé go an-luath agus bhlighe sé na bá agus chuir sé go dtí an chnoc iad. Bhí carraig mhór árd ar an chnoc seo agus is minic a shuidheadh sé annsin ag deánamh a scríste. Acht an lá seo thoisigh sé ag cuartughadh neadacha. Níorbh fhada gur fhaca sé bláth an deas. Bhí dath gorm agus buidhe air agus bhí dath bán ar an ghás. Chrom an gasúr anuas agus thóg sé é. Nuair a bhí sé ag amharc ar an bhláth chonnaic sé doras ag fosgladh ins an charraig bhí an iongantas ar fad ar an ghasúr nuair a chonnaic sé seo, nó bhí fios aige an charraig sin go maith agus ní fhaca sé dórus ariamh ann go dtí sin. Dar leis fhéin go rachadh sé fhad leis go bhfeiceadh sé an rabh teach ann. Thug sé leis an bláth agus chuaidh sé go dtí an charraig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall