School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 394

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 394

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 394
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh aon rud le déanamh aige agus do chuaidh sé ag troid mar saighdiúr. Níor bhfada ina dhiaidh sin gur chuireadh scéal go dtí a mhuintir go raibh sé marbh. Do bhíodh sprid an fhir marbh ag imeacht timpeall gach aon oíche agus a cur eagla ar gach duine.
    Aon oíche amháin pé scéal é do thóg fear ón áit gunna agus do chaith sé piléar leis an bhfear.
    Dúirt an sprid leis an bhfear gurbh amhlaidh do mhairbh piléar céanna é agus ná rraibh sé aon mhaith a bheith ag caitheamh leis a thuille. Do bhí gach aon rud ag chur cinn go maith annsan ach cúpla lá ina dhiaidh sin do bhádhadh an fear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí sa gleann. Bhíodh sé cónaithe ag gearra crann.
    Chuaidh sé amach sa choill lá agus chonaic sé crann mhór agus bhí sé an-árd. Fuair sé an fréimire agus an bhileóg agus chuaidh in áirde sa chrann agus thosnaigh sé ag gearra leis agus sé an crann a raibh sé na suí do ghearr sé agus thit sé síos agus bhris sé ghuala agus fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seumas Móinbhéal
    Gender
    Male
    Address
    Aird Mhór, Co. Phort Láirge