School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 474

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 474

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 474
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear ann fadó. Sé an ainm a bhí ortha ná Seán agus Séamus Ó Briain. Bhíodar araon ana-aosta. Oíche amháin bhí Seán ana-thinn. Ní raibh aon bhean sa tig acu. Chuaidh Séamus amach fé dhéin na gcomharsan. Tháinigh cúpla mhná isteach sa chun féach suas leis. Bhíodar ina shuí timpeall na tine. I lár na h-oíche d'airigeadar an bean-sighe ag scréachaig. Ní raibh a fhios aige Séamus cé bhí ann. Dúirt duine des na mná le Séamus gurbh í an bean-sighe a bhí ann. Tréis cúpla nóiméad ansan bhí Seán ana-dhona.
    Fuair sé bás ar a chúig a chlog an maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ícidhe
    Gender
    Female
    Address
    Grange, Co. Waterford
    Informant
    Pádraig Ícidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Grange, Co. Waterford
  2. Bhí beirt fear ann fadó. Oíche amháin chuadar go dtí an tigh ósta. Bhíodar ana-saibhir.
    Thógadar trí púint leo. D'fhanadar ag ól go dtí leath-uair tar éis a dó-dheag. Nuiar a bhíodar ag reacht abhaile bhí sé an-dorcha. Chonaiceadar an slua ag teacht treasna an bóthair.
    Bhí céadta sprideanna ann, bhí cóiste na marbh ann agus bhí ana-chuid capaill ann agus gan aon ceann ortha. Bheir sprid ortha agus choiméadadar istigh i gcúinne iad go dtí a dó a chlog.
    Ansan chuadar abhaile. Níor chuadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.