School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 419
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó agus lá amháin do chuaidh sé ag briseadh bataí sa choill.
Ar maidin nuair a bhí sé ag imeacht dúirt sé lena bhean nach b headh sé ag teacht abhaile in aon chor chun a dhinnéir agus dúirt sé léi a chur chuige. Chuir sí duine des na cailíní chuige.
Ní bhfuigheadh sí a slí a dhéanamh amach agus chuaidh sí amú. Bhí sí ag imeacht léithe agus chuaidh sí isteach go dtí tigh. Fear a bhí ina chónaí sa tigh seo agus ní raibh aoinne leis. Thug sé rud éigin le n-ithe di. Nuair do bhí sé ithe aici dúirt sé léi dul a codladh agus chuaidh sí. Nuair a bhí sí ina codladh i lár na h-oíche marbhuigh sé í.- Collector
- Máirighéadh Paor
- Gender
- Female
- Address
- Grange, Co. Waterford
- Informant
- Pádraig Paor
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Grange, Co. Waterford
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Lá amháin thit a bhean tinn agus chuaidh sé fé dhéin an dochtúra.
Tháinigh an dochtúir agus dúirt sé nach raibh aon rud ar an bean ach gur fuacht a bhí aici. Ansan nuair a bhí sé ag dul abhaile leis(continues on next page)