School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 382

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 382
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí beirt ann fadó agus bhíodar pósta. Seán a bhí ar an fear agus Máire bhí ar an bhean. Amadán be eadh Seán ach bhí Máire an-chliste. Bhí an-chuid gabhair aca agus théigh Seán gach maidin chun iad do thabhairt abhaile. An maidin áirithe seo nuair a bhí sé ag dul fé déin na ngabhar bhí sé an-fhluich. Do chonaic sé cloch mhór na seasamh i lár na páirce agus do shíl sé gurbh fear do bhí ann agus do chuaidh sé suas chuige.
    "Beidh tú go léir fliuch" arsa Seán leis.
    Do bhain sé dhe a chóta féin agus do chuir sé ar bhfear é mar a shíl sé. Nuair do chuaidh sé abhaile dúirt sé gach rud le Máire ach dúirt sí leis dul thar nais arís fé dhéin a chóta. Do chuaidh sé thar nais agus nuair a chonaic sé cad a bhí ann thug sé cic dó agus dom leag sé é agus cad a bhdh fúithe ach crócha óir. Do thóg sé abhaile é agus do chuir Máire isteach i mbosca shuas sa seomra é.
    An chéad maidin eile nuair a bhí Seán ag dul fé dhéin na ngabhar do chonaic sé fear suas sa pháirc agus bhí sé ag gol. D'fhiafraigh Seán de cad a bhí air. Dúirt sé leis go raibh ór aige fé an gcloch úd agu go raibh sé imithe. Dúirt Seán leis go raibh an t-ór aige féin sa mbaile. Do thóg sé an fear abhaile leis agus dúirt Máire leis dul suas sa seomra. Do chuaidh sé suas ann agus ansan do fuair Máire tuagh agus do chuaidh sí suas ina dhiaidh agus do mharbh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cuilliú
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Treó
    Gender
    Male
    Age
    Over 70
    Address
    Grange, Co. Waterford