School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 101
  3. XML “Cur an tSíl”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an gcéachta cluduigheann an chré na sciolláin.
    Cuirtear a thuille criadh leo tar éis tamaill. Aitchré a tugtar ar an obair sin.
    Cuirtear na turnapaí, na maingléisí na méacain agus na cáiréidí i ndriollaí leis acht síolta beag a bhíonn aca le cur sa chré in inead sciollán.
    Cuirtear síol an chabháiste i láithreán ar dtúis agus nuair bhíonn na planndaí beaga láidir go leor at - chuirtear iad i ndriollaí.
    Bíonn alán oibre le déanamh ar an bhfeirm le linn an Earraigh ach ní bheadh aon bhiadh le n-ithe againn gan í.
    Cúram na bprátaí: Nuair a bhíonn na prataí ag fás, cuireann na daoine cré arís ortha. Nuair a bhíonn na gas ag fás cuirtear sprayáil ortha i gcoinnibh an duib. Seo é an chaoi a chuirtear an sprayáil ortha. Ar dtúis tógainn an barraille isteach san pháirc agus líontar cúpla buachaillí é le uisge. Annsin cuireann fear an tighe an "(chloich gorm)" ins an barraille i gcóir oidhche amháin. Ar maidin lá ar na bhárach gheobhann sé an "(washing soda)" agus cuireann se ins an barraille é.
    Annsin gheobhainn sé an inneall sprayáil agus chuireann sé an t-uisge isteach ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish