School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 117
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear nach ceart uisge a chaitheamh amach ar oidhche Samhna, mar deireann na sean-daoine go mbíonn tú ag chaitheamh ar na naomhaibh é.Deirean na sean-daoine an chéad duine a éirigheann an chéad lá Bealtaine go mba cheart dó cirtín dearg do ceangail ar rubhaill an mbuin, agus go mbéadh a lán im ag an líon-tíghe i gcomhair an bhliadhain sin.Deirtear gur ceart rud éigin a mharbhughadh ar oidhche Naom Mháirtín nó go gcailfeá rud éicint sul a mbéadh an bliadhain caithte.Ní ceart an olann a baint do na caoire roimh Dómhnach Cincíse nó caillfeóchar cuid aca.Dá mbéadh tú isteach i dteach agus dá mbéádh bean an tíghe ag déanamh maistreadh ní ceart an teach a fhágail gan cupla buile a tabairt do'n cuinneóg leis an luinthe, nó tarbfaidhe na sideóga an im leó.(continues on next page)