School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 18
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin chaith sé an ghabhar a bhí san luing amach. Bhí an caiptín i gcruaidh-chás, annsin do chaith sé amach buachaill an cábáin. Sluigh an míol mór é agus d'imthigh sé annsin. Nuair a thainig an luing go Meiriceá, chonnaic an caiptín sgata mór daoine ar an gcladhach. Chuaidh sé go dtí na daoine agus céard a bhfuair sé roimhe acht an míol mór marbh. D'fhosgladar é agus céard a bheadh ann istigh ach an buachaill ina-shuidhe ar an gcathaoir ag ól an bainne as an naigín.
- Sgéal: Bhí fear ag teacht abhaile ón mbaile mór oidhche amháin agus bhí sé ar meisge. Chuaidh sé amuigh agus c'én áit ar chuaidh sé ach isteach i gcoill. Níorbh fhada a chuaidh sé gur bhuail sé a cheann in-aghaidh crainn, "Gabh mo leith-sheal a dhuine usuail" ar seisean leis an gcrann, mar gur shíl sé go mba duine a bhí ann. Bhuail sé in-aghaidh crainn eile agus dubhairt sé an cainnt céadna. Thárla seo cúig nó sé uaire nó go raibh sé ag éirigh cuirseach. Annson shuidh sé síos. "Seadh" ar sean tá sé chomh maith dom suidhe annseo agus an t-sochraid a leigeadh tharm.
- Collector
- Máire Ní Éigeartaigh
- Gender
- Female