Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar ana-dheas i Shralaughy, Tá sé timcheall míle go leith ó'n áit seo. Naomh Lurcán a bheannuigh é. Tá teach Naomh Lurcán ar an dtaobh seo de'n tobar, i bpáirc beag deas inaiche an abhann, ag bun an t-sliabh árd.Tá an tobar timcheall céad slat óna tighthe sa'n cheanntar, agus tá sé ana dheacair teacht air. Bhí sé ana-dheas uair amháin, acht anis ta na ballaí briste, agus níl ann acht cárnán móra clochaí. Chuir sé síos fataí agus coirci gach bliadhain, agus tá na h-iomairí le feiceáil go fóill.Nuair a bhí siad ag cur trioblóíd ar na gaedheal i n-Éirinn i gcómhar an Creideamh Caitlicidhe, bhí an naomh seo ag iarraidh é féin do shaoradh agus tháinig sé go dí Gleanncalraighe. Annsin chuaidh sé suas go dí Shralaughy.Do mhair sé annseo tamaill fada, agus ansan chuaidh sé go dtí áít éígin eile, agus chrochadh é. Bhí beirt naomh eile leis freisin. An t-ainm a bhí ortha Alan agus O Brien. Bhí na daoine ag teacht fadó go dtí an áit seo ag déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)