Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Béaloideas - Scéalta”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt mná in Eirris fadó. Chuaidh siad go Béal-Átha-Fheadha ag ceannuigh lín. Peggie Ní Chuinn agus Bríghid Ní Glucán an t-ainim a bhí uirri. Ní fhaca siad gráinne té ariamh, acht chualaidh siad cainnt air. Nuair a bhí siad i mBéal-Átha-Fheadha deir siad gur gheobhaidh siad dínnear té. Chuaidh siad isteach i dteach agus dubhairt siad le bean an tighe púnta té d'fhághail dóibh. Cuir siad an púnta té síos i bpota mór agus nuair a bhí an té bruithte fuair siad báisin agus choinnig sí na duilleóga ann, agus do mheasg sí na duilleoga agus siúcra le chéile. Annsin fuair siad dhá spúneog agus d'ith siad a ndinnear. Nuair a shroich siad a mbaile, deir siad gur d'ith siad dínnear breágh té, agus bhí sé an dheas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.