Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 4

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 4

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 4
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad amach é. Chuaidh an Duirnéan isteach ann agus amach leis. Chuaidh an póilí amach go dtí a mhuinéal san fhairrge, agus is bheag nach bfuair sé báithte acht d'imthig an fear air. Tháinig an póilí ar ais go Gleanncalraighe trom tuirseach, agus níor rith sé ina dhiaidh sin. Tháinic an Duirnéan abhaile slán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí gasúr agus ministear ag dul ar turas lá. Thainic aba mór rompa. Beidmíd fliuch arsa an ministear. Iompócadh mé thú ar mo dhruim arsa an gasúir. B'féídir nach bhfuil tú abálta arsa an ministear. Go deimhin táim arsa an gasúir. Chuaidh sé suas ar dhruim an gasúir. Shiubhail go réidh a gasúir nó má thuiteas tú ins an abha , báidhfir thú mé. Is maith an fear Dia agus níl an diabhail féin ró-dhona arsa an gasúir. Tá an diabhail ort arsa an ministear. Má tá arsa an gasiúr ní bheidh sé i bhfad orm. Chaith sé anuas an ministear in abha beag na baidfeadh é. Tuige a ndeara thú sin adeir sé. Ní bhéídh mise ag iomchar an diabhail arsa an gasúir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séan Ó hÉilidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Sraith Lathaí, Co. Mhaigh Eo
  3. Bhí fear fadó i Srath a tSeagail, (in-aice le Rosspórt) Sean Caoch Ó Tuathal an t-ainmh do bhí air. Bhí sé chomh láidir le fathach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.