Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 2
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-áit agus bhí siad ag tabhairt gach rud ó na daoine bochta. Tháinig siad go Shralaghy agus go Glenaugh. Bhí ualach mór de ghach rud leo.
Bhí fear ann agus ól sé a iomarchach uachtar agus do thuit sé i pollán na Scoile i Shralaghy.
Tamaill indhiaidh sin fuair buachaill na mbó é agus cuir sé síos é, agus tá a uaigh le feichint go dtí an lá sin. - Sgéal: Bhí fear a booruscadh, agus bhí sé lá fógmhair ag baint coirce. Bhí girrfhiadh mór istigh ann agus leim sé amach. Rith sé suas an gcoirce agus rith an fear in dhiaidh. Chaith sé a hata agus a bhróga ina dhiaidh. Chuaidh an girrfiad treasna Shiscin agus treasna Shraghmein agus an fear ina-dhiaidh. Chuaidh sé treasna Iomairí an Searrigh suas Ailt Déarg agus ar bhárr cnuic Gleannóra. Chaith sé an corrán leis agus ghearr sé an ceann dhe. Fill sé abhaile agus an girrfhiadh leis ar a dhruim taréis deich míle ag rith.
- Faisnéiseoir
- Séan Ó hÉilidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Sraith Lathaí, Co. Mhaigh Eo
- Sgéal: Bhí daoine usail amuigh ar seilg fado. Caill fear acú a uaireadór ar an sliabh. An trathnóna sin bhí fear ag dul an bhealach agus chonnaic sé an uaireadóir. Scannruigh sé nuair a chonnaic sé é. Shíl sé gur páiste a bhí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)