School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 334

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 334

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 334
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeál
    Bhí Riogh ann fád ó shoin agus bhí inghean aige. Phos sí fear bocht tíre agus le linn an phosta chuir an [t-athair]? ar shiubhal ón caislean í. D’imthigh siad annsin am [a]? an sliabh agus thóg siad bóthóg fód daobhtha fhéin. I gcionn tamall tháinig mac an t-saoghal agus nuair a bhí sé bliadhain d’aois fuair a athair bás. Thug a mháthair ciach dó go rabh sé seacht mbliadhna ag deireadh an ama seo chuir sí síos chuig a athair mhór é fá choinne dornán preataí. Chuaidh an gasúr síos un caislean agus mála leis fá choinne na preataí. Chuaidh an bheirt aca amach un sgioból agus thoisigh siad ag líonadh an mala. Bhfuil dó shaith ann anois arsa an Rí níl gó fóill a deireadh an gasúr agus annsin líon siad é amach go dtí an beal. D’imthigh an gasúr agus thug sé a aghaidh ar a mháthair. Nuair a tháinig an mháthair chomh láidir as bhí sé thug sí ciach seacht mbliadhna eile do. Bhí sé ceithre mbliadhna deug annsin agus chuir sí síos chuig a athair mhór arais é fá choinne mála coirce. Chuaidh an gasúr síos agus d’iarr an Rí air a ghabhail amach agus [cuidiughadh]? leis an fear a bhí amuigh san sgioból cuid den coirce a bhualadh. Chuaidh an gasur amach agus [ba]? eadtrom leis an súiste a tugadh dó agus chuaidh sé amach agus tharraing sé dhá chrann amach as an talamh agus cheangal sé dó na cheile iad. Chuaidh sé isteach na sgioból arais agus an chead bhuille a tharraing se mharbhuigh sé an fear. Chuaidh fear eile os a choinne annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide