School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 246
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean - sgéal
Lá amháin bhí Peadar Liam ag dul ag iascaireacht go bárr aille, ar an taobh ó dheas do Arainn an áit a tugann siad “Aill an Ara” air
Bheigin do Peadar dul síos ar téad san áit sin. Maidín Luain a bhí ann agus e go h-an bhreágh agus is ag iascaireacht ballan a bhí sé ag dul. Ní raibh aon bhallan le fágail agus chuaidh sé ag iascaireacht breams, acht ní raibh bream ar bith le fághail acht oiread. Cuaidh se ag iascach mangach annsin act ní raibh mangac fein le fághail. Diabhal iascach a dheánfas me go deo arist arsa Peadar leis fein. Caith sé an dorugha ar an dollán is chuaidh suas faoi an aill. Luigh sé síos ann agus chuir a lámh faoi chul a chinn agus thuit a chodladh. Bhí se tuaram is ar uair ‘na chodladh súl ar mhusgail sé agus nuair a mhusgail sé cia chonnaic se ‘na suidhe ar an dollan acht an Mháigdean Mara agus í ag cioradh a cinn. Bhí Peadar ag amharc uirthi agus ag deánadh iongantas an mhór dí. Nuair a bhí a ceann cíortha aichi tháinig codladh uirthi agus ar shiubhal leithe go tír na mbriongloidí.
Annsin shiubhál Peadar anonn go h-an chiuin agus e in a stócaí. Nuair a tháinig sé maice [léne]? chuaidh sé ar a ghlunaibh agus thug ar shiubhal an cíor nó an raca a bhí taobh thiar dí. Bhí sé ag dul(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide