School: Dubhlinn (C.), Inis (roll number 4871)
- Location:
- Doolin, Co. Clare
- Teacher: Bríd Ní Laighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhlinn (C.), Inis
- XML Page 158
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhí Bothlum tinn agus é i leaba a bháis...”
Nuair a bhí Bothlum tinn agus é i leaba a bháis cuir an bhean tighe a bhí aige breitheamhantas air teacht le cúntas cuiche cá raibh sé agus tháinig sé. Chuaidh sí go dtí an sagart agus dubhairt sí gur cuir sí b'reitheamhantas air teacht cuiche agus do thug an sagart buideal uisce beannaighthe dí agus dubhairt sé leithe an tuisce beannaighthe a caitheamh ar an bpáirc thar timcheall agus í fein a seasam in a lár mar a dtagadh sé gairid dí do mhairbheóchadh sé í. Do tháinig sé agus d'iafruig sé de cad a cuir clúimh an choiligh air agus dubhairt sé gur baintreach do mharib sé. "Cad caoilig do chos" air sí. Dubhairt sé gur bainne na gcúig caorach do chaoiligh a chos agus allus loct an tsaothair agus a bheith faoibhreach leis na bochta. Diafruigh sí dhé cá raibh an tairgead, cár cuir sé é. Dubhairt sé go raib sé trí léím laoch ó lic go habhann.Bhí Bothlum in a chomhnuidhe i Catair Mc Clancie. Brigid Ruadh an bhean a bhí aige. Nuair a bhí cúpla luing do na Spáinig Ármada curtha idtír i Bealach a Laignigh. Do fuair Botlum ordú ó rí Shasana na Spáinig ná raib báidhte do crochadh. Do chroch sé iad i gcnoc an chrocaire mar a croc sé cuid mhaith rómpa. Do bhí mac rí na Spáinig i measg an mhéid a chroch sé agus tháinig an rí cun a mhac d'fághail agus é á thabairt abhaile.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhlanagáin
- Gender
- Female
- Address
- Glasha Beg, Co. Clare
- Informant
- Cáit Bean Uí Donnchadha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Ballysallagh, Co. Clare