Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 087
  3. XML “Clár Bog Déil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (II)
    Siúbhal a chogar is tar a chodhladh liom féín sa ghleann d'fhéil,
    Gheóbhaidh tú fasgadh, leaba, flaichuis agus aér
    Cois abhainn beidh na srutha a' gabháil tharainn fe ghéagaibh Crann
    bheidh an londubh 'nár bhfocair as an chéirseach ann

    (III)
    Searc mo chléibh a thug mé fhéin duit is grádh tre rúin,
    Dá dtugfhadh sé an cor sa t-saoghal go mbeinn is tú
    Ceangal cléire eadrainn araon is an fháinne dlúth
    Is dhá bhfeicinn féin mo shearc ag aon fhear gheóbhainn bás go dlúth

    (IV)
    Dia Domhnaig nuair a chífhfhinn ag an teampuill í,
    Fallainn riabhach is ribín uaithne uirthi araon mar ghnaoí
    Is gúna a scuabfhadh na gleanna fraoigh
    Ach sé mo buadhartha do luadhadh liom nách maighdean í

    (V)
    Tá úr píb ag mo mhuirnín is a bhrághaid mar aol,
    A cúilín casda búclach ag fás go féar,
    Is é mo chuma nimhe ná san úir thíos do fágadh mé,
    Súl a stiúrígheadh mé i gcúigibh is mo ghrádh thar mo aoís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge