Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Scéal - Na Ropairí agus an tAirgead”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh beirt ropairí ag taisteal na tíre fadó agus ní fhágaidís pioc ag na daoinibh ach ag guid agus ag breith leó gach rud a tháinig in a slíghe. Bhí duine uasal san áit agus ní raibh pioc aige 'na ndiaidh agus bhí a aigne déanta suas ar ghreim d'fhághail ortha ar shlíghe éigin. Bhí a lán óir agus a lán airgid sa tigh a bhí aige agus bhíodar chun ualach mór de a ghuid. Bhí trap ar chómhla an doruis in a raibh an saidhbhreas so go léir ann. Nuair a ghabhadh duine isteach do dhúnfadh an cómhla agus ní fhéadfadh sé teacht amach. Nuair a tháinig na gaduithe go dtí an tigh chuaidh an duine ba shine acu isteach ach ní raibh sé ábalta ar theacht amach ná ar aon ór do chur amach go dtí an fear eile. Tar éis bheith ag cuímhneamh ar feadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Cork