Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 140
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bacach ann fadó agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag siúbhal ó áit go háit ag íarraidh déirce. Tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag siúbhal leis casadh tigh air agus chuaidh sé isteach ann. D'íarr sé lóistín na h-oichche agus fúair sé é ós na mnáibh mar bhí na fir amuich ag obair. Núair a tháinig an oidche tháinig fear an tíghe agus a mhac isteach agus tar-éis tamaill fúaradar a suipéar agus núair bhí sé ithte acu dimthígheadar amach arís. Níor bhfada go dtánadar isteach agus bó bhreágh reamhar acu agus do mharbhuigheadar í. Nuair a chonnaic an bhacach é sin bhí ionghnadh mhór air agus chuir se ceisteanna ortha i dtaobh na bó. Ní thabharfhaidís aon éolas do 'na thaobh ach cuireadar do fhiachaibh air gan an rud a chonnaic sé do ínnsint d'aoinne. Ar maidin amaíreach dimthig sé agus am tráthnóna casadh tigh eile air agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Chonchúbhair Ui Cruadhlaoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí