Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean agus a mhac in a gcómhnuidhe i dtigh. Lá amháin do ghuid an mac leabhar agus nuair a bhí sé tagaithe abhaile do mhol a mháthair go seóidh é. Mar sin a bhí sé, nuair a raghadh sé as baile. Ba ghnáth leis rud éigin a ghuid i gcómhnuidhe agus é thabhairt leis.
Lá dá raibh sé ag siubhal an bhóthair chonnaic sé uan óg le na mháthair tamall uaidh agus do ghuid sé an t-uan. Fuaradh amach gurbh é a ghuid an t-uan agus do gabhadh é agus do trialadh é agus do daoradh chun a chrochta é. Bhí uaigneas air tar éis an uain a ghuid ach ní raibh aon leigheas aige air agus chaith sé bheith sásta leis. Chuimhnig sé ar a óige agus ar an lá a ghuid sé an leabhar,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí