Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'éirig Fionn ar maidin agus chuaidh sé amach ar an bhfaithche. Do casadh air an Gruagach, leath-chaoch ruadh. Do bheannuig sé do Fhionn agus do bheannuig Fionn do, agus do bheannuigheadar araon dá chéile.
"An imirtheócha cluiche, a Fhinn" arsan Gruagach.
"D'imirtheóchainn cheana" arsa Fionn.
Do tharraing an Gruagach táiplís geárr ó'n a oscail agus do dhírígheadar ar imirt. Do chuaidh an breith ar nGruagach.
"Tabhair do bhreith, a Fhínn" arsan Gruagach.
"Cuirim do cheist, do bhreith agus do mhór ualach ort" arsa Fionn, "trí cead bó, trí cead capall agus trí chéad caorach do thabhairt annso ar m'aghaidh amach."
"Bog do bhreith, A Fhínn" arsan Gruagach.
"Ní bhogfhad" arsa Fionn. "Fheach thar do ghualainn" ars an Gruagach. D'fheach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Fuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí