Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tamaill don ghaduidhe eile do chuimhnig sé ar sheift. Bhí trí gárdaí ag an duine uasal agus is acu a bhí an eochair chun tíghe an óir d'oscailt. Ghluais sé chúcha agus é ar meisce, dar leis, agus boidéal uisce beatha 'na phóca aige. Ghlaodhadar isteach air agus ba gheárr go raibh an boidéal roinnte aige ortha. Annsan chuir sé a lámh sa phóca eile agus thóg sé amach boidéal eile agus roinn sé ortha é agus annsan bhíodar ar buile, gan anam ar meisce. Thosnuig sé dá mhealladh go bhfuair sé an eochair uatha, agus chuaidh sé thar nais chun a chomráid d'fhuascailt. Tar éis do é scaoileadh amach d'imthígheadar leó gan ór, gan saidhbhreas. Gabhadh an bheirt acu tamall na dhiaidh sin agus do tugadh go dtí tigh an duine uasail iad ach dhein an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí