Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Cork
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Tomhais”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Baile Atha Cliath, is mó a greim ná greim capaill is ní blaiseann sí an feur.
    Freagra: speal.

    2) Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith beirt ag deunamh eólais agus fear ag bagairt ina ndiaidh.
    Freagra: bó ag rith
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (1) Is mairg a bíonn i mbaile tíre gan duine aige féin. Ní mairg a bíonn an té níos uaig dá cáirde go léir.

    (2) Na trí neithe nách féidir buadhcant ortha:
    Incíacht ban, obair-na-mbeach, agus dul agus teacht na taoide.

    (3) Ná trí neithe atá fé dhraoidheacht: Ceó, ceól agus bád fé sheól.

    (4) Na trí neithe nach féidir a fhoghluim: guth, féile agus filidheacht.

    (5) Feadóirm muillthóir agus much, an triúr is bréine amuich.

    (6) Táilliúr, píobaire, agus gadhar, an triúr is aoraidhe ar domhan.

    (7) Gallar gan náire gáth nú tart tug an tocas an barra leis.
    (8) An té ná deunaidh rud ar an si(?)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge