School: An Mhainistir, Móin Rátha (roll number 14243)

Location:
Mountrath, Co. Laois
Teacher:
Br Columban Ó Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0833, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0833, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhainistir, Móin Rátha
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. The copy on which this story was originally written was presented to the Folklore Institute since this was written: C.M.C.
    Sgéul:-
    Bhí fear ann uair amháin. Protastúnach ab'eadh é.
    bhí duairisg macánta air agus do bhí achfuinn mór aige. Lá áirighthe tháinig breóiteacht air agus droch-bhreóiteacht do b'eadh í. Do cuireadh fios ar an Dochtúir dhó, agus nuair a tháinig an Dochtúir, dubhairt sé go raibh an fear i conntabhairt bháis. Dubhairt sé go raibh eagruadhas air agus gur mhaith an rud dhó údhacht a dhéanamh, agus gur ceart beanaltra a fhagháil dó agus gur mhaith an rud gan aoinne des na comhúrsain a leigeant i na-aice mar go raibh an breóiteacht tógálach agus rud eile dhé, gur cheart fios a chur ar an ministir dó chun a d'fhagháil ullamh chun bháis. Nuair a thug a mhinistir fé ndeara go raibh an fear breóite ag dul in olcas, chuireadar an buachaill aimsire ag iarraidh an mhinister. Nuair a chuaidh an buachaill aimsire go tig an mhinister, d'innis sé dhó go raibh a mháistir breóite agus gur chuir sé é fé na dhéin. D'fhiafruigh an ministir de'n bhuachaill aimsire cad é an breóiteacht a bhí air, agus dubhairt an buachaill gurab é an eagruadhas a bhí air. D'fhiafraigh an ministir de an raibh an dochtúir aige agus dubhairt sé go raibh agus go ndubhairt sé go raibh sé i gcontabhairt bháis agus gur orduigh sé gan na comharsain a leigeant chuige mar go raibh an galar tógálach. Tháinig crith agus eagla ar an ministir bocht agus ní fheadar sé cad do b'fhearr dó a dhéanamh. Tar éis a bheith ag machtnaimh tamaill, d'fhifraigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Daibheád Ó Coitir
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork