School: Cnuicíní (roll number 13123)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Mrs J. Booth
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnuicíní
- XML Page 314
- XML “An Fear ar Bharr an tSimné”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ag deisín simné uair amháin. Bhí an simné chómh h-árd san nár bhféidir dréimre a d'fháil a raghadh súás go dtí a bhárra. Is amhlaidh a bhí soithlean ar bhárr an tsimné agus téad teann láidir ceangailte dhe. Bhí beirt fear i mbun na téide thíos agus deinidís gach aon ní a bhíod ag teastail ó'n gceanduidhe a ándú aníos chuighe. Agus nuair a theástuigheadh úaidh teacht anuas de'n tsimné ag deire an laé is amhlaidh a bheireadh sé greim ar an dtéid agus dheineadh na fir é a d'ísliú
Lá dá raibh ualach trom á árdú ag na fir nár bhris an théad. D'fhág san fear shúas agus gan aon t slí agus cun teach anuas. Bhailigh sgata de mhuinntir na h-áite mór timchiall an t-simne agus bhíodar ag féachaint air. Fanfaidh sé annsan nó go gcaillfear de'n ocras é ar síad. Bhí na mná is na simne. Do labhair sí leis an bfear túas A Sheáin, A Seáin ar sise "scadil do stoca" Do thuig an fear Láitreat cad a bhí in algne a mhná. Do bhain sé ceann des na stocaí(continues on next page)