School: Cnuicíní (roll number 13123)

Location:
Garranearagh, Co. Kerry
Teacher:
Mrs J. Booth
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnuicíní
  2. XML Page 274
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceithre míle ar an dtaobh theas de mo thig seo iseadh Otarmong agus deir na seana-daoine go bhfuil Cístí Óir i bhfolach ann. 'San am fadó bhí long caillte ar na carraigeachaibh i dtaobh amuigh in aice "Cuan Bhéil Ínse." Tháinig mairnéalach saor aisti, agus deirtear gur chuir sé an saidhbhreas fé thalamh i bhfolach i nOtharmong in aice mo thig. Annsan do chuaidh se tar n-ais go dtí Spáinn.
    Taréis cúpla céadta bliadhain táinig sé thar n-ais go Otharmong áirís chun an saidhbhreas do thógaint leis, ach ní raibh fhios aige ar an áit a chuir sé an saidhbhreas i bhfolach. Tá sé ann ó shoin i leith, agus níl fhios ag aoinne, ar an áit ceart ata an saidhbhreas i bhfolach. Deirtear go bhfuil cúig céud púint ann, agus píosa óir ann leis. Sé an chúis a bhí ag na daoinibh chun an saidhbhris do chuir fé thalamh i bhfolach nó i bpoll éigin iad, mar do bhí an tír lán do ropairí an t-am sin, agus cheap na daoine go goidhfeadh siad a gcuid airgid agus óir leis uatha, agus cuireadh na daoine cliste a gcuid saidhbhris fé thalamh, agus taréis tamaill nuair a théigeadh siad cun a gcuid saidhbhris d'fhághail, n fhéadfadh siad an saidhbhreas d'fhághail.
    Deirtear go bhfuil an saidhbhreas fós fé thalam i bhfolach i bpoll éigin, ins na h-áiteannaibh mordtímcheall mo thig feínig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Bríd Ní Shiocfhradha
    Gender
    Female
    Address
    Oghermong, Co. Kerry
    Informant
    Séamus Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    57
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Oghermong, Co. Kerry