Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 093
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní mé aoibhinn donn deas na léithe
Ach aon inghean amháin le Rí na Gréige Dá mba inghean Rí thú no dá mbeadh gaol agat leis
Do bheadh fainní óir ar gach méar ded’ mhéaraibh Mo stróice chaill mo chuid éadaig
Is do mhill an grian dhá trian dein’ scéimh
Agus is é sin is measa dhom ní fáinní Éireann Más é sin é áireamh spré air do’m? Cúig céad boláin donn péacach
Cúig céad bairile de airgead raolach
Cúig céad acra de flaitheas naomh geal
Agus muna bfuil san agat is liom féin é Fuair an bean gach aon nídh ach an cúig céad acra de flaitheas naomh geal agus b’éigin di an fear a leogaint uaithe agus fuair an bean eile le pósadh é.Síghle Ní Shíothcháin
Inse na Tuinne
Maistir Gaoithe
Cill ÁirneFuaireas an scéal seo ó,
Seán Ó Síothcháin
Inse na Tuinne- Bailitheoir
- Síghle Ní Shíothcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Kerry